Bhí an-spórt againn ag ceiliúradh Seachtain na Gaeilge i RETNS. Rinneamar Yoga, Scéalta, Tráth na gCeist, Ceilí, comórtais do Ghaeilgeoirí an lae agus mhaisigh gach rang a ndoras do Sheachtain na Gaeilge. Bhí tionól iontach againn freisin inar sheinn rang a 4 cúpla port ar an bhfeadóg stáin le Gráinne agus Cáit. Sheinn Cór 5 & 6 ceann de na píosaí as Gaeilge chomh maith le Gráinne ag seinm an phianó agus Anna O’H i gceannas. Ina dhiaidh sin roghnaigh Coiste Gaelbhratach na nduaiseanna as bosca ina raibh ainmneacha na bpáistí ar fad a bhuaigh Gaeilgeoir an lae sna ranganna ar fad. Roghnaíodar an doras maisithe is fearr freisin. Ba iad rang 4 agus rang 5 na buaiteoirí. Rinne siad breithniúnas bunaithe ar na dathanna a úsáideadh, an Ghaeilge agus an téama. D’éirigh deireadh an tionóil go spraíúil le “Ireland’s Call” a chum gach duine ar scoil. 

Le dea-ghuí

Maeve

Pictures from Seachtaine na Gaeilge

Below you will find a couple of galleries from our Seachtaine na Gaeilge.

The 1st one is a slider of images from our beautifully decorated doors. Well done to 4th and 6th on winning an extra 10 minutes yard time.

The 2nd gallery has some photos from our Assembly, Yoga, Tráth na gCeist, and Ceilí.

Táimid an-sásta Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh inár scoil. Beidh muid gnóthach gach lá i RETNS le gníomhaíochtaí agus cluichí do Sheachtain na Gaeilge.

Namaste Yogis,

Inniú tá Ióga Óga le fáil as Gaeilge. Cliceáil ar na nasc thíos chun teacht ar an Íóga. Má dhéanann tú aon Ióga inniú tóg grianhraf más féidir leat.
Tá an Padlet seo iontach chun tús a chuir le SNAG le scéalaíocht inniú   https://padlet.com/maire8/sc-alta-do-ph-ist-fv5mg5v9m27j

Le dea-ghuí

Maeve